Réamhrá
Téama is ea an drochíde sa teaghlach a bhfuil roinnt mhaith scríbhneoirí Gaeilge tar éis aird a dhíriú air le blianta beaga anuas. I measc na saothar is suntasaí ina bhfaightear plé ar an téama seo, tá Éalú, úrscéal le hÁine Uí Fhoghlú (2013), agus An tIriseoir, úrscéal le Michelle Nic Pháidín (2016), dhá shaothar atá pléite ag Seán Mac Risteaird ina aiste ‘“Níl ionamsa ach blaosc”: Léirithe liteartha ar an bhforéigean inscneach agus ar an mí-úsáid chollaíoch sa Ghaeilge’ (2020). Is é a chuirim romham san aiste seo mionanailís a dhéanamh ar shaothar liteartha eile a bhfuil an drochíde sa teaghlach mar théama lárnach ann, mar atá ‘An doras cúng’, gearrscéal de chuid Mháire Dinny Wren a foilsíodh ina cnuasach Go mbeinnse choíche saor in 2016.
Déanfar trácht sa gcéad chuid den aiste seo ar cheisteanna téarmaíochta a bhaineann leis an drochíde sa teaghlach. Tabharfaidh an plé seo comhthéacs don anailís a dhéanfar ina dhiaidh sin ar ‘An doras cúng’. Bainfear leas as taighde ó na heolaíochtaí sóisialta chun léiriú Wren ar an drochíde sa teaghlach a mheas. Tarraingeofar ar thaighde ar an neamhord struis iarthrámaigh, ar an smacht comhéigneach agus ar dhearcthaí íospartach drochíde d’fhonn solas a chaitheamh ar phríomhcharachtar an scéil. Déanfar plé ar thábhacht an tsiombalachais agus an mheafair sa scéal, agus scrúdófar an stíl reacaireachta i gcomhthéacs coincheap ar a dtugann Ernest Hemingway ‘the principle of the iceberg’ (Plimpton 1963: 235). Léireofar gur scéal fíoréifeachtach é ‘An doras cúng’, a thugann léargas grinn dúinn ar an iliomad dúshlán a bhíonn le sárú ag íospartaigh drochíde sa teaghlach.
Ag trácht dó ar an léiriú a dhéanann roinnt scríbhneoirí Gaeilge ‘ar an bhforéigean inscneach agus ar an mí-úsáid chollaíoch’, deir Mac Risteaird go ndéanann na scríbhneoirí atá faoi chaibidil aige ‘plé lom sonrach’ ar na feiniméin sin, agus go ndéantar ‘cur síos soiléir ar a dtiteann amach idir an mí-úsáideoir agus an t-íospartach ina saothair liteartha’ (Mac Risteaird 2020: 74). Mar a léireofar thíos, ní hé sin an cur chuige a úsáideann Máire Dinny Wren in ‘An doras cúng’. Is ar bhealach indíreach a scagann Wren an drochíde sa teaghlach sa scéal sin, trí bhíthin cur síos mionsonraithe a dhéanamh ar impleachtaí agus ar iarmhairtí na drochíde seachas ar an drochíde féin. Ní miste a rá, áfach, go bhfuil gearrscéal eile ag Wren, dar teideal ‘Idir cleith agus ursain’, ina ndéanann sí plé níos dírí ar an drochíde sa teaghlach (Wren 2016: 76–85). Dírítear sa ngearrscéal sin ar bhean a ndéanann a fear céile í a bhualadh, agus tugtar cuntas neamhbhalbh dúinn ar an bhforéigean sin. Scéal cumhachtach is ea ‘Idir cleith agus ursain’, ach feictear dom go bhfuil ‘An doras cúng’, gona chur síos caolchúiseach ar éifeachtaí na drochíde ar an reacaire, níos cumhachtaí agus níos ealaíonta fós. De cheal spáis, is ar ‘An doras cúng’ amháin a bheas mé ag díriú anseo.
Ceisteanna téarmaíochta
Sula dtabharfaidh muid aghaidh ar ‘An doras cúng’, ní miste plé achomair a dhéanamh ar an téarma ‘drochíde sa teaghlach’, a bheas in úsáid san aiste seo. Ina leabhar Domestic Abuse and Human Rights (2020), míníonn Jonathan Herring go bhfuil forbairt tagtha thar na blianta ar an téarmaíocht a úsáidtear le cur síos ar na cineálacha éagsúla foréigin a tharlaíonn i ndlúthchaidrimh. Cé go bhfuil téarmaí áirithe, ar nós ‘wife battering’, imithe as faisean den chuid is mó, tá réimse leathan téarmaí fós in úsáid, agus is minic ceisteanna téarmaíochta ina n-údar achrainn:
In the old days people talked of ‘wife battering’: the problem of husbands beating their wives. The language morphed into domestic violence. Now, agreement over the precise terminology has broken down: domestic abuse, intimate partner violence, gender-based violence and intimate relationships abuse have all been proposed. Disputes over definition plague this area of the law (Herring 2020: 19).
Sampla amháin den achrann seo i dtaca le téarmaíocht de ná an díospóireacht atá ann faoin difríocht idir ‘violence’ agus ‘abuse’. Tá scoláirí ann a mhaíonn nár chóir an focal ‘violence’ a úsáid ach amháin le cur síos ar ghníomhartha fisiciúla, agus gur fearr an téarma ‘abuse’ a úsáid más drochíde de shaghas eile atá i gceist. Ní ghlacann gach scoláire leis an idirdhealú sin, áfach, agus táthar ann a deir go bhfuil sé bailí ‘violence’ a thabhairt ar dhrochíde nach drochíde fhisiciúil í (féach an plé ag Herring 2020: 1–2).
Baineann castachtaí breise leis an gceist seo i gcomhthéacs na Gaeilge. Ar an gcéad dul síos, ní léir i gcónaí cén téarma Gaeilge ba chóir a úsáid i gcomhair coincheap ar leith. Ar téarma.ie, cuir i gcás, luaitear ‘foréigean teaghlaigh’ agus ‘foréigean baile’ araon mar aistriúcháin ar ‘domestic violence’ (2023b). Is é ‘drochíde sa teaghlach’ an t-aon aistriúchán ar ‘domestic abuse’ a fhaightear ar téarma.ie (2023a), ach luaitear ‘drochíde baile’ freisin ar foclóir.ie, cé go ndeirtear gurb é ‘drochíde sa teaghlach’ an téarma teicniúil (2023). Ina theannta sin, is minic a bhíonn forchialla ag baint le téarmaí i nGaeilge nach mbaineann leis na téarmaí céanna i mBéarla, nó a mhalairt. Mar shampla, cé gur féidir ceachtar den dá ainmfhocal ‘baile’ nó ‘teaghlach’ a úsáid chun an aidiacht ‘domestic’ a aistriú go Gaeilge, tá difríocht shuntasach eatarthu ó thaobh brí de. Is é an chéad bhrí a luaitear le ‘baile’ in An Foclóir Beag ná ‘do theach féin nó teach do mhuintire’, ach is do ‘muintir an aon tí le chéile’ a thagraíonn an focal ‘teaghlach’ go príomha, de réir an fhoclóra chéanna (An Roinn Oideachais 1991: 29, 416). Ní hionann na forchialla a bhaineann leis na téarmaí ‘drochíde sa teaghlach’ agus ‘drochíde baile’, mar sin, agus ní mór dúinn é seo a choinneáil i gcuimhne chun míthuiscintí a sheachaint.
San aiste seo, beidh plé á dhéanamh agam ar chineálacha éagsúla drochíde. Aontaím leis an tuairim gurbh fhearr gan an focal ‘foréigean’ a úsáid ach amháin le cur síos ar dhrochíde fhisiciúil, mar sin é an bhrí a bhaintear as an bhfocal sin de ghnáth, agus bheadh baol míthuisceana ann dá mbainfí brí níos leithne as. Dá réir sin, is é an téarma ‘drochíde sa teaghlach’ is mó a bheas in úsáid agam thíos, téarma a chuimsíonn drochíde fhisiciúil agus drochíde neamhfhisiciúil araon. Bainim leas as an bhfocal ‘foréigean’ cúpla uair san aiste seo, agus is d’fhórsa fisiciúil a thagraíonn an focal sin i ngach cás. Úsáidim an téarma ‘drochíde sa teaghlach’ seachas ‘drochíde baile’, toisc gur mó aitheantas atá ag ‘drochíde sa teaghlach’ mar théarma teicniúil. Tagann an leas a bhainimse as an téarma ‘drochíde sa teaghlach’ leis an sainmhíniú a thugann Collins English Dictionary ar ‘domestic abuse’: ‘physical or psychological abuse towards a member of one’s own household’ (2023). Tabhair faoi deara nach gá go dtarlódh drochíde sa teach féin le go n-áireofaí mar dhrochíde sa teaghlach í: d’fhéadfadh an saghas seo drochíde tarlú i ngluaisteán, ar thaobh na sráide, nó in iliomad áiteacha eile. An ghné a shainíonn an saghas seo drochíde ná go bhfuil – nó go raibh – an mí-úsáideoir agus an t-íospartach ina gcónaí le chéile.
Éifeachtaí trámacha na drochíde
Bean mheánaosta, nach luaitear a hainm, is ea reacaire an ghearrscéil ‘An doras cúng’. Ag tús an scéil, tugann sí cuairt faoi choim na hoíche ar theach a raibh sí ina cónaí ann tráth. Ní turas réamhbheartaithe é seo, óir mar a mhíníonn sí dúinn, ‘bhí mé ar an bhealach sula dtug mé féin fá dear é’ (Wren 2016: 11; ní luafar ach uimhir leathanaigh feasta). Nuair a thuigeann sí go bhfuil sí gar don teach, cuimhníonn an reacaire ar thiontú thart, ach tugann ‘claonadh deoranta nach dtiocfadh liom a shéanadh orm leanstan ar aghaidh’ (11). Agus í ag druidim leis, músclaíonn an teach faitíos láidir inti, ach cé gur mhaith léi ‘imeacht i mo rith ar chos in airde’, seasann sí an fód, mar ‘faigheann an fonn feasa an bhuaidh’ uirthi (11). Caitheann sí tamall ag breathnú tríd an bhfuinneog ar na daoine atá ag cur fúthu sa teach anois, agus déanann sí machnamh ar an tréimhse a chaith sí féin ann.
Ní luann an reacaire ag an bpointe seo cad is cúis leis an bhfaitíos a thagann uirthi, ach de réir mar a leanann sí ar aghaidh lena cuntas, tugann sí le fios gur fhulaing sí drochíde de shaghas éigin sa teach sin. Ní mhíníonn sí cén saghas drochíde go baileach a bhí i gceist, cé go dtugann sí noda dúinn faoi ghnéithe áirithe den drochíde, mar a fheicfear ar ball. Ba é an fear a raibh sí ina cónaí leis (ní deir sí go sonrach arbh fhear céile, leannán nó eile é) a thug an drochíde sin di. Cé nár tháinig sí ar ais chuig an teach ‘le fada’ (11), chomh luath is a bhaineann sí an áit amach mothaíonn sí amhail is go bhfuil sí i gcontúirt. Ní laghdaíonn a cuid eagla nó go n-imíonn sí chuig ‘áit a bhfuil mé níos sábháilte’ (12).
In aiste a scríobh sí faoi ról an tráma i bhfilíocht Áine Ní Ghlinn agus i bhfilíocht Nuala Ní Dhomhnaill, áitíonn Caitríona Ní Chléirchín go ‘[bhf]ágann an tráma a rian ar an cholainn, ar an aigne agus ar an chuimhne i bhfad i ndiaidh do na heachtraí trámatúla tarlú’ (2017: 2). Tagraíonn Ní Chléirchín do scríbhinní Janina Fisher, síceolaí cliniciúil a bhfuil taighde déanta aici ar an tráma. Ag labhairt di faoi éifeachtaí an tráma ar an duine, deir Fisher: ‘Traumatic events leave behind a bewildering array of cognitive, emotional and physical symptoms. In the aftermath of traumatic experiences, individuals are left with a host of easily reactivated neurobiological responses and inadequate memory record’ (Fisher 2011: 1; luaite in Ní Chléirchín 2017: 2).
Tagann na sleachta thuasluaite ó thús ‘An doras cúng’ leis an tuiscint ar an tráma a chuireann Ní Chléirchín agus Fisher in iúl. Is cosúil go bhfuil tamall sách fada ann ó tugadh drochíde do reacaire an scéil, ach is beag má tá maolú tagtha ar éifeachtaí an tráma sin uirthi. Ní gá di ach súil a leagan ar an teach inar tharla an drochíde chun go músclófaí mothúcháin láidre dhiúltacha inti arís. Sampla maith is ea múscailt na mothúchán seo de na freagairtí néaraibhitheolaíocha ar a dtráchtann Fisher. Is suntasach go dtarlaíonn an próiseas seo in ainneoin nach bhfuil contúirt ar bith san áit a thuilleadh: tá an fear imithe agus tá teaghlach nua bogtha isteach, ach fós féin cuireann an teach scéin sa reacaire.
Faigheann muid léargas ar ghné eile den tráma beagán ina dhiaidh seo nuair a deir an reacaire gur nós léi na réaltaí a chomhaireamh istoíche ‘le cuidiú liom dearmad a dhéanamh’ (12). Tugann an abairt seo le fios go bhfuil an reacaire ciaptha ag na cuimhní atá aici ar an drochíde a d’fhulaing sí, agus go mbaineann sí leas as straitéis seo an chomhairimh d’fhonn na cuimhní sin a bhrú faoi chois. Míníonn Bessel van der Kolk go bhfuil cuimhní cumhachtacha den saghas seo i measc na bpríomhshiomptóm a bhaineann leis an neamhord struis iarthrámaigh, nó ‘post-traumatic stress disorder’:
These tend to involve intense sensory and visual memories of the event, which are often accompanied by extreme physiological and psychological distress, and sometimes by a feeling of emotional numbing, during which there usually is no physiological arousal. These intrusive memories may occur spontaneously or can be triggered by a range of real and symbolic stimuli (van der Kolk 2000: 9).
Trí bhíthin claontagairt a dhéanamh d’iarrachtaí an reacaire déileáil lena cuid cuimhní trámacha, caitheann Wren solas ar éifeachtaí marthanacha na drochíde ar a sícé. Is léir ó thús an scéil go bhfuil saol an reacaire curtha trí chéile ag pé uafáis a d’fhulaing sí, agus gur fada go mbeidh sí saor ó thionchar díobhálach an fhir a thug drochíde di. Tá fianaise láidir sna sleachta a pléadh thuas go bhfuil neamhord struis iarthrámaigh uirthi, cé nach luaitear an téarma sin sa scéal.
Cur i gcéill
Is fiú pointe eile a lua maidir le cur síos an reacaire ar an teach sa gcéad chuid den scéal, mar atá, an chaoi a dtarraingíonn sí aird ar an gcuma theolaí atá ar an teach. Deir sí go bhfuil ‘toit ag éirí as an tsimléir agus solas tarrantach sna fuinneoga’, agus go bhfuil ‘cuma sheascair ar an áit’ i gcoitinne (11). Nuair a thugann sí spléachadh tríd an bhfuinneog, feiceann sí daoine sa seomra suí ag breathnú ar an teilifís, ‘cuma gnáth-theaghlach orthu ina suí thart go sásta’ (11).
Ní chuireann a bhfeiceann an reacaire ar a suaimhneas í, áfach, agus is cosúil fiú amháin go méadaíonn atmaisféar cluthar an tí an coimhthíos a mhothaíonn sí, óir tuigeann sí gur minic difríocht mhór idir façade agus fírinne. Ag smaoineamh siar di ar na hoícheanta a chaith sí féin sa teach céanna, deir sí: ‘Dá mbeadh duine ag amharc isteach orainne an t-am sin an sílfeadh sí gur gnáth-theaghlach muid?’ (11) Tugann an cheist seo le fios gur tharla an drochíde a d’fhulaing an reacaire as radharc daoine eile – nó, le bheith níos cruinne faoi, gur coinníodh an drochíde faoi cheilt. Agus í i láthair daoine eile, is cosúil go ligeadh an reacaire uirthi go raibh saol sona sásta aici. Mar gheall ar an taithí atá aici ar a leithéid de chur i gcéill, níl muinín aici as an radharc atá os a comhair anois: cá bhfios nach bhfuil an rud ceannann céanna ag dul ar aghaidh i measc áitritheoirí reatha an tí, cé go bhfuil ‘cuma gnáth-theaghlach’ orthu?
Míníonn Francis et al. (2016) gur feiniméan forleathan é an cur i gcéill i measc daoine a bhfuil drochíde fulaingthe acu. Tugann siad ‘a culture of pretence’ ar an bhfeiniméan seo, agus deir siad gurb é atá ann ‘a state of being where abuse is not acknowledged, not always identified or recognised and for all appearances to those outside the relationship, everything is “normal”’ (Francis et al. 2016: 2207). Ón taithí atá acu ar a bheith ag plé le mná ar íospartaigh foréigin teaghlaigh iad, feictear do na taighdeoirí seo gur rud é an cur i gcéill a tharlaíonn i ngan fhios d’íospartaigh den chuid is mó: ‘the culture of pretence appeared to be an unconscious process, only later recognised by women once the violence had ceased’ (Francis et al. 2016: 2207). Ní mór a rá nach ag fáil locht ar íospartaigh atá Francis et al. nuair a úsáideann siad an focal ‘pretence’, ach a mhalairt, mar is léir ón sliocht seo a leanas:
Participants described the internal factors of shame, embarrassment, humiliation and fear they would experience if they presented the true picture of their relationship to others. In particular, the women felt obliged to meet the expectations of their parents and others and perceived they would be judged or blamed for what was happening in the relationship (Francis et al. 2016: 2207).
I bhfocla eile, is iomaí cúis a thugann ar íospartaigh ligean orthu nach bhfuil drochíde á tabhairt dóibh. Uaireanta, ní labhraíonn íospartaigh amach faoina bhfuil tarlaithe dóibh mar go gceapann siad nach bhfaighidh siad tacaíocht chuí ó dhaoine eile, agus uaireanta eile cuireann an náire a mhothaíonn siad bac orthu. Gné ríthábhachtach eile den chur i gcéill ná an fhéinchosaint: tuigeann íospartaigh go bhfuil an baol ann go n-éireoidh an drochíde níos measa má osclaíonn siad a mbéal.
Nuair a fhilleann reacaire ‘An doras cúng’ ar an teach inar tugadh drochíde di, faigheann sí léargas nua ar an ról a d’imríodh an cur i gcéill ina saol féin tráth dá raibh. Tuigeann sí anois gur ag cur i gcéill a bhí sí cuid mhaith den am agus í ina cónaí sa teach sin. Is de bharr go bhfuil sí i ndiaidh éalú ón bhfear a thug drochíde di atá sí in ann teacht ar an tuiscint seo. Tá an ghné seo den scéal ag teacht le háiteamh Francis et al. gur gnách gur próiseas neamh-chomhfhiosach é an cur i gcéill, nach bhfaigheann íospartaigh léargas air nó go dtagann deireadh leis an drochíde atá á fulaingt acu. An ghné is cumhachtaí den léiriú ar chuairt an reacaire ar an teach ná an chaoi a dtugann machnamh an reacaire orainn aghaidh a thabhairt ar cheisteanna a bhaineann lenár saol féin: An féidir linne, léitheoirí an scéil, an cur i gcéill is an fhírinne a aithint óna chéile? An bhfuil drochíde ag tarlú i gcuid de na ‘gnáth-theaghlaigh’ ar a bhfuil aithne againne? Cé mhéad de na daoine a casadh orainne inniu atá ag fulaingt ar an gcaoi seo i ngan fhios dúinn?
Priacal agus míshocracht
I ndiaidh do reacaire ‘An doras cúng’ cuairt a thabhairt ar an teach inar tugadh drochíde di, tugann sí cuntas dúinn ar an saol atá aici anois. Caitheann sí a cuid laethanta ag siúl ó áit go háit, a deir sí, ag fanacht amach i gcónaí ó dhaoine eile:
Níl a fhios cá mhéad míle siúlta agam ó d’fhág mé an baile. Siúlaim na tránna, siúlaim na sléibhte, siúlaim cois na lochanna agus cois aibhneacha. Siúlaim na cúlbhóithre, na cosáin scoite nach mbíonn aonduine eile orthu, ag coinneáil ar an uaigneas i gcónaí. Siúlaim go mbíonn mo chuid bonnaí nimhneach (12).
An míniú a thugann an reacaire ar an ngnáthamh seo ná go gcoinníonn an siúl te í. Istoíche, filleann sí ar an teach bánaithe ina bhfuil sí ag cur fúithi anois, teach nach bhfuil tine ná teas ná solas ann.
Cé gur san aimsir láithreach a insítear formhór ‘An doras cúng’, baineann an reacaire leas as an aimsir chaite i roinnt alt i lár an scéil, agus í ag cur síos ar an gcaoi ar tháinig sí chuig an áras gruama atá ag feidhmiú mar bhaile di i láthair na huaire. Nuair a d’fhág sí an teach inar tugadh drochíde di, is chuig teach tearmainn áitiúil a chuaigh sí i dtosach, ach tháinig ‘seisean’, mar a thugann sí air, sa tóir uirthi (12). Chaith sí tamall ina dhiaidh sin ag cur fúithi i gcoimeádán miotail in aice na cé, nó gur tugadh an coimeádán chun siúil gan choinne. D’fhill sí ar an teach tearmainn, ach bhí uirthi éalú arís nuair a fuair an fear a thug drochíde di amach go raibh sí ann. Faoi dheireadh, tháinig sí ar eastát bánaithe agus shocraigh sí fanacht i gceann de na tithe folmha, áit a bhfuil cónaí uirthi go fóill.
Is cuntas gonta go leor a fhaigheann muid ar na heachtraí seo, ach in ainneoin loime na hinsinte, éiríonn le Wren a chrua is atá saol an reacaire a chur in iúl go paiteanta. Feiceann muid ar an gcéad dul síos go bhfuil an reacaire sceimhlithe roimh an bhfear a thug drochíde di, rud a threisíonn leis an léiriú a dhéanann Wren ar a staid intinne ag tús an scéil. An chéad uair a d’imigh sí ón teach tearmainn, tar éis di carr an fhir a fheiceáil páirceáilte ar an taobh eile den bhóthar, tháinig ‘eagla orm dá bhfaigheadh sé greim orm go muirfeadh sé mé’ (13). Is san abairt seo atá an fhianaise is fearr dá bhfuil sa scéal gur úsáid an fear seo foréigean in aghaidh an reacaire cheana féin. Má tá eagla ar an reacaire go n-imreoidh sé an lámh láidir uirthi amach anseo, is é is dóichí go bhfuil an eagla sin bunaithe ar a bhfuil déanta aige san am atá caite. Toisc nach ndeir sí sin go sonrach, áfach, ní féidir linn a bheith cinnte faoi seo: d’fhéadfadh sé nár úsáid sé foréigean ina coinne ach gur bhagair sé an lámh láidir uirthi, cuir i gcás.
Pé acu ar úsáid an fear foréigean in aghaidh an reacaire cheana nó nár úsáid, is cinnte nach dteastaíonn uaithi deis a thabhairt dó greim a fháil uirthi. Míníonn sí gur bheartaigh sí ‘coinneáil ar na cúlbhóithre’ agus í ag éalú uaidh, ionas gur lú seans a bheadh ann go bhfeicfeadh sé í (13). Bhí sí ar an airdeall as sin amach, agus ba mhinic í ‘ag amharc thar mo ghualainn’ lena chinntiú nach raibh sé á leanúint (13). Nuair nach raibh an dara rogha aici ach dul chuig an siopa, is ‘faoi scáth an dorchadais’ a chuaigh sí ann (14). An ghné dheireanach den insint a léiríonn faitíos an reacaire ná cé chomh minic is a úsáideann sí focla mar ‘sábháilte’ agus ‘dainséar’ agus í ag labhairt faoi na heachtraí seo (14). Is follas gurb í an tsábháilteacht an chloch is mó ar a paidrín, agus nach ndéanann sí cinneadh ar bith gan machnamh a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann leis.
Cuid lárnach den léiriú a dhéanann Wren ar reacaire ‘An doras cúng’ ná an bhéim a leagann sí ar na dúshláin phraiticiúla a bhíonn le sárú aici mar dhuine a d’fhulaing drochíde sa teaghlach. An chéad chonstaic mhór a bhfaigheann muid léargas uirthi ná na deacrachtaí a bhí ag an reacaire agus í ag iarraidh teacht ar áit chónaithe a bheadh sábháilte agus oiriúnach di. Bhí uirthi imeacht ón teach tearmainn faoi dhó mar go bhfuair an fear a bhfuil sí ar a teitheadh uaidh amach go raibh sí ann. Bhí an coimeádán inar fhan sí ‘dorcha’, ‘plúchtach’ agus ‘fuar’, ach chaith sí cúpla seachtain ann sular tugadh chun siúil é (13). ‘Cha raibh áit ar bith eile agam le ghabháil agus mheas mé go raibh mé sábháilte ann’, a deir sí agus í ag caint faoin tréimhse sin (14). I dtreo dheireadh an scéil, luann an reacaire gur dócha go mbeidh uirthi imeacht go luath ón teach bánaithe a bhfuil sí ag maireachtáil ann faoi láthair, mar go bhfuil an t-eastát ina bhfuil sé ar díol (16). Léiríonn sé seo nach bhfuil cinnteacht ar bith ag baint lena saol, go háirithe i dtaca le cúrsaí tithíochta de.
Rud a chuireann leis na deacrachtaí seo ná nach raibh ach fíorbheagán airgid ag an reacaire nuair a d’fhág sí an baile. Agus í ag cur fúithi sa gcoimeádán, bhain sí leas as a cárta creidmheasa chun rudaí a cheannach toisc go raibh ‘cúpla euro fágtha ann’ agus go raibh sé ‘i m’ainm féin’ – rud a thugann le tuiscint gur in ainm duine éigin eile (an fear a thug drochíde di, is dócha) atá pé cártaí eile atá aici (14). Níos déanaí, nuair nach raibh airgead ar bith fágtha aici, bhí uirthi ‘greim beag bídh’ a fháil ón mbosca bruscair a bhí ar chúl an tsiopa (15). Luann sí san alt céanna go raibh cóta a tugadh di i siopa carthanachta á úsáid mar bhlaincéad aici ag an am sin.
Díol suntais eile ná gur chaill an reacaire cuid dá maoin phearsanta cúpla uair agus í ag aistriú ó áit amháin go háit eile. D’fhág sí roinnt rudaí ina diaidh nuair a d’éalaigh sí ón teach tearmainn den chéad uair, óir níor éirigh léi ach a cóta a tharraingt uirthi agus cúpla rud a chaitheamh isteach i mála beag (13). Chaill sí na ‘rudaí beaga luachmhara’ sin ar ball, áfach, toisc iad a bheith fágtha sa gcoimeádán nuair a tugadh chun siúil é (14).
Tagann léiriú Wren ar dheacrachtaí an reacaire le conclúidí Robertson agus Masters-Awatere faoin saol míshocair priaclach a bhíonn i ndán d’íospartaigh drochíde go minic:
Homelessness and poverty are two of the more obvious ways in which domestic violence and child abuse make the lives of women and children precarious. As implied in the oft-asked question, ‘Why doesn’t she leave?’, leaving the abuser is often constructed as ‘the’ solution. But leave for what? […] Women fleeing domestic violence typically have little money. Usually they have been financially dependent on the abuser. […] Even well-off, middle-class women can become impoverished (Robertson agus Masters-Awatere 2017: 89).
Sular éalaigh reacaire ‘An doras cúng’ ón bhfear a thug drochíde di, bhí an bheirt acu ina gcónaí i dteach deas cluthar, agus ní léir go raibh aon ghanntanas airgid orthu. Anois agus í éalaithe uaidh, áfach, is duine gan dídean í de facto, duine nach bhfuil airgead ná maoin aici is atá ag brath ar a dtugtar di agus ar a n-aimsíonn sí i mboscaí bruscair.
Imeallú agus easpa tacaíochta
Gné eile de thaithí reacaire ‘An doras cúng’ nach mór dúinn a chur san áireamh ná an chaoi a ndéanann an drochíde í a imeallú. An chéad chaoi a dtarlaíonn an t-imeallú seo ná ar bhealach an-litriúil: fanann sí ar imeall an cheantair ina bhfuil sí (ceantar nach luaitear a ainm) ionas nach bhfeicfidh daoine í. Deir an reacaire cúpla uair sa scéal gur nós léi fanacht ar na cúlbhóithre nó in áiteacha iargúlta eile. Ní hamháin sin, ach tá an teach bánaithe ina bhfuil sí ag cur fúithi faoi láthair ‘ar imeall an bhaile mhóir’ freisin (14). Is féidir linn glacadh leis nach mbeadh sí ina cónaí sa teach sin dá mbeadh sé i lár an bhaile.
Chomh maith leis an imeallú geografach seo, is léir go bhfuil próiseas imeallaithe eile tar éis tarlú i saol an reacaire, sa méid is nach bhfuil sí in ann páirt a ghlacadh sa bpobal ná caidreamh ceart a bheith aici lena muintir. Tá caidreamh de shaghas éigin ag an reacaire lena hiníon, a thugann cuairt uirthi ó am go chéile agus a thugann bia agus éadaí di. ‘Tá mo chroí istigh inti’, a deir an reacaire, ‘agus bím ag súil go mór lena cuairt. Labhrann muid ar na rudaí uilig a dhéanfaidh muid nuair a bheas seo uilig curtha dínn againn’ (16). Ní leomhann sí dul chuig teach a hiníne riamh, áfach, mar dá ndéanfadh sí sin, ní bheadh sí ‘ach mo chur féin agus ise i ndainséar’ (15). Is suntasach nach luann an reacaire cairde, comharsana ná gaolta ar bith eile le linn an scéil. Tá sé intuigthe go bhfuil an drochíde a d’fhulaing sí, chomh maith lena cinneadh féin éalú ón drochíde sin, tar éis a gréasán sóisialta a scriosadh nach mór go hiomlán. Toisc go bhfuil an fear a thug drochíde di fós ar a tóir, ní féidir léi bualadh le daoine eile gan í féin a chur i gcontúirt. Tá an baol ann i gcónaí go bhfaighidh sé tuairisc uirthi, agus dá bhrí sin fanann sí ina haonar oiread agus is féidir.
Díol spéise is ea an léiriú a dhéanann Wren ar na tréimhsí a chaith an reacaire sa teach tearmainn, mar cuireann sé in iúl nach aon réiteach draíochta atá ina leithéid d’institiúid. An dá uair a chuaigh an reacaire chuig an teach tearmainn, fuair an fear a thug drochíde di amach go raibh sí ann. Ag caint di faoin gcéad uair a tharla sé seo, deir an reacaire go raibh a fhios aici go ndéanfadh lucht an tí tearmainn ‘a ndícheall tabhairt orm fanacht nó a ghabháil chuig na gardaí’, ach gur shíl sí féin nach raibh sí sábháilte san áit a thuilleadh agus gurbh fhearr di imeacht (13).
Níl lánmhuinín ag an reacaire as an gcóras dlí choiriúil ach oiread. Chuaigh sí chun na cúirte cheana, ach is beag difear a rinne sin:
Bhí ordú dlí air gan a theacht de mo chóir, ach níor stop sin é. Ní raibh mé ag iarraidh a ghabháil chun na cúirte arís. Gheall na gardaí go mbeadh cás láidir agam agus go mbeadh sé ag gabháil chun an phríosúin dá dtabharfainn fianaise, ach dá dteipfeadh orainn … níor mhaith liom smaointiú air (14).
Tuigtear don reacaire nach féidir leis na Gardaí ná na cúirteanna í a chosaint go hiomlán, agus is leasc léi dul ina muinín dá dheasca sin. Ag deireadh an scéil, áfach, nochtann an reacaire dearcadh níos dóchasaí i leith an chórais dlí choiriúil, nuair a luann sí go bhfuil súil aici go mbeidh cás cúirte eile ann sula i bhfad (16).
De réir taighde atá déanta ag Spruin et al. (2017), is minic a bhíonn dearcadh diúltach ag íospartaigh drochíde sa teaghlach i leith seirbhísí póilíneachta agus gníomhaireachtaí eile. Is iondúil, dar leo, go n-eascraíonn an dearcadh diúltach seo as ‘previous experiences of interactions with law enforcement agencies and/or authority figures resulting in negative outcomes’ (Spruin et al. 2017: 22). Feictear an patrún seo in ‘An doras cúng’: níl muinín ag an reacaire as an gcóras dlí choiriúil toisc nár éirigh leis í a chosaint san am atá caite. Tugann Wren cuntas réalaíoch dúinn ar mheon an reacaire, atá amhrasach faoi na Gardaí agus na cúirteanna ach a dteastaíonn go géar uaithi go gcuirfí ceart dlí i bhfeidhm.
Solas agus dorchadas
Is iomaí tagairt a dhéantar in ‘An doras cúng’ don solas nó don dorchadas, agus is fiú dúinn na tagairtí sin a iniúchadh. Mar a pléadh cheana, is faoi scáth na hoíche a thugann an reacaire cuairt sa gcéad mhír den scéal ar an teach inar tugadh drochíde di. Déanann sí trácht sa mír sin ar dhorchadas na hoíche agus ar an ‘solas tarrantach’ atá le feiceáil i bhfuinneoga an tí (11). Síos tríd an scéal, léiríonn an reacaire faitíos roimh sholas an lae. Sampla maith de seo ná an sliocht seo a leanas, ina ndéanann sí cur síos ar a cuid nósanna agus í ag cur fúithi sa gcoimeádán: ‘Ní rachainn ann go n-éireodh sé dorcha agus bheinn ar shiúl as arís le bánú an lae. […] Rinne mé mo bhealach chuig an tsiopa faoi scáth an dorchadais’ (14).
I dtreo dheireadh an scéil, labhraíonn an reacaire faoin teach bánaithe a bhfuil sí ina cónaí ann faoi láthair, agus feiceann muid arís go gcuireann sí fáilte mhór roimh an dorchadas: ‘Ach anocht, níl anseo ach mé féin agus scáilí na hoíche. […] Níl na soilse sráide ag obair anseo agus sin mar is fearr liomsa é, agus is fuath liom an solas láidir a thig ón pháirc ghnó’ (16). Leagann sí an-bhéim ina plé ar an teach bánaithe ar a thábhachtaí is atá sé go mbeadh sí féin ‘dofheicthe’ (15), agus ar an gcaoi a gcabhraíonn an dorchadas léi í féin a choinneáil faoi cheilt. Cuireann na tagairtí seo don dorchadas agus don solas eagla an reacaire abhaile orainn, agus taispeánann siad dúinn gurb éigean di a bheith ar a hairdeall i gcónaí.
Is san alt deireanach den scéal, ina machnaíonn an reacaire ar a bhfuil i ndán di amach anseo, a fhaightear an plé is faide agus is suimiúla ar an solas agus ar an dorchadas. Seo mar a chuireann Wren críoch leis an ngearrscéal:
Tá a fhios agam nach dtig liom fanacht anseo faoi scáth na gcrann go deo. Lá inteacht gan mhoill bogfaidh mé liom agus siúlfaidh mé faoi sholas buí na gréine arís. Fágfaidh mé na scáilí agus na cuimhní dorcha anseo i mo dhiaidh. Cuirfidh mé an drochuair thairim. Toiseoidh mé as an úire ach mairim sna scáilí go fóill, faoi anáil dhamanta na hoíche, solas na gealaí mar fhallaing chosanta agam (16–17).
Is cumasc é an t-alt seo d’íomhánna a bhaineann leis an dorchadas (scáth na gcrann, na scáilí, na cuimhní dorcha, an oíche) agus d’íomhánna a bhaineann leis an solas (an lá, solas na gréine, solas na gealaí). Is suntasach go bhfeictear an dá mhóitíf seo – an solas agus an dorchadas – ag tús an scéil, ina lár agus ag a dheireadh. Cé gur ag filleadh ar an dá mhóitíf atá Wren san alt deireanach, áfach, feictear dom gur ag baint casadh astu atá sí freisin. Sa sliocht seo, murab ionann agus na sleachta eile ar tagraíodh dóibh thuas, ní ag cur fáilte roimh an dorchadas atá an reacaire, ach ag diúltú dó. Léiríonn sí go dtuigeann sí nach dual di maireachtáil sna scáilí amhail ainmhí oíche, agus nach bhfuil sí sásta a saol ar fad a chaitheamh ag déanamh amhlaidh. Tá brí bhreise leis an solas sa sliocht seo, mar sin, nach bhfuil le sonrú áit ar bith eile sa scéal: seasann sé don dóchas atá ag an reacaire go dtiocfaidh deireadh leis an tréimhse uafar seo agus go mbeidh sí saor arís.
Teideal an scéil
Go minic, tugann teideal gearrscéil nod don léitheoir faoi na téamaí a phléitear ann, nó cuireann sé le tuiscint an léitheora ar ghné éigin den scéal. Is fíor seo i gcás ‘An doras cúng’, cé go bhfuil doiléire áirithe ag baint leis an teideal freisin, mar a mhíneofar ar ball beag.
Cad air a smaoiníonn muid nuair a léann muid an teideal ‘An doras cúng’? B’fhéidir go gcuimhneoimis i dtosach ar an rud is doras ann, agus ar na feidhmeanna éagsúla a bhíonn le doirse: úsáidtear iad chun daoine a ligean isteach nó a choinneáil amach, nó chun dul ó áit amháin (seomra nó foirgneamh, cuir i gcás) go háit eile. B’fhéidir go rithfeadh sé linn freisin gur trí dhoras a shiúlfadh duine chun imeacht – nó éalú – ó áit ar leith. Tá na téamaí seo uile lárnach i ngearrscéal Wren, mar atá feicthe againn.
Mhaígh mé thuas go bhfuil doiléire ag baint le teideal an scéil seo. Is é atá i gceist agam leis sin ná nach léir cén doras go díreach a bhfuiltear ag tagairt dó sa teideal. Seans gurb é doras an choimeádáin é, doras atá ‘leathfhoscailte’ (agus cúng mar thoradh) nuair a fheiceann an reacaire den chéad uair é (13), nó doras an tí bhánaithe, a ndéanann sí trácht air leath bealaigh tríd an scéal (14–15). Nó d’fhéadfaí an teideal a thuiscint mar thagairt do phríomhdhoras an tí inar chónaigh an reacaire leis an bhfear a thug drochíde di. Ní luaitear sa scéal féin é, ach is dócha gur tríd an doras sin a shiúil an reacaire nuair a d’éalaigh sí ón teach. Pé léamh a dhéanann muid ar an teideal, níl aon amhras ach go bhfuil brí mheafarach le brath air chomh maith leis an mbrí litriúil. Is meafar é an doras cúng a sheasann do theitheadh an reacaire ón bhfear a thug drochíde di – rud nár éirigh léi dul tríd ach ar éigean.
An rud deireanach is fiú a rá faoi theideal ‘An doras cúng’ ná gur féidir é a thuiscint mar thagairt don Bhíobla. I Soiscéal Mhatha, déanann Íosa an ráiteas seo a leanas:
Téigí isteach tríd an doras cúng, mar is fairsing an doras agus is leathan an bóthar a sheolann chun léirscriosta, agus tá mórán a ghabhann an tslí sin isteach. Ach is cúng an doras agus is caol an bóthar a sheolann chun na beatha, agus is iad an beagán a aimsíonn é (Matha 7: 13–14; féach freisin Lúcás 13: 23–24).
Ní bhaineann gearrscéal Wren leis an slánú spioradálta a phléann Íosa sa sliocht seo. Tá an íomhá a úsáideann Íosa an-oiriúnach don scéal, áfach, óir tugann ‘An doras cúng’ le fios gur rídheacair d’íospartaigh drochíde sa teaghlach éalú go hiomlán ó fháinne fí na drochíde, agus gurb iad ‘an beagán’ a aimsíonn ‘an bóthar a sheolann chun na beatha’.
Áitribh an reacaire
Toise eile den scéal ar fiú aird a tharraingt air ná an cur síos ar na háitribh éagsúla ina gcónaíonn an reacaire, go háirithe an méid a deirtear faoin gcoimeádán agus faoin teach bánaithe. Thar aon ghné eile den scéal, is é an léiriú a dhéanann Wren ar na háitribh sin is fearr a chuireann dearóile shaol an reacaire in iúl.
Iniúchaimis an cur síos ar an gcoimeádán i dtosach. I mír den scéal ina ndéanann sí a marana ar an tréimhse a chaith sí sa gcoimeádán, labhraíonn an reacaire faoin gcéad uair a chuaigh sí isteach ann:
Bhí cupla bocsa folamh agus cupla pailléad adhmaid sa choimeádán. Ní raibh fuinneog ar bith air agus nuair a bhí an doras druidte bhí sé dubh dorcha agus plúchtach istigh ann. An oíche sin d’fhan mé ann, nó tháinig cith fearthainne agus nuair a bhí mé i mo sheasamh sa doras fada go leor, tháinig cuma fháilteach ar istigh i gcomparáid leis an oíche fhliuch a bhí amuigh. Ní raibh mé fá choinne fanacht an oíche ar fad ach d’éirigh mé tuirseach agus rinne mé sráideog as na pailléid agus na bocsaí cairtchláir. Is é a bhí fuar. Bhí sé deacair codladh fiú is go raibh mé tuirseach ón tsiúl uilig, ach sa deireadh thit mé siar agus fuaim na mara mar shuantraí agam. Ba shuarach an faoiseamh é (13–14).
Chomh maith le béim a leagan ar an dorchadas, rud atá pléite againn cheana, díríonn Wren aird an léitheora ar fhuacht an choimeádáin. Tá an abairt shimplí ‘Is é a bhí fuar’ inchomórtais le cur síos gonta Joyce ar phríomhcharachtar a ghearrscéil ‘Eveline’: ‘She was tired’ (Joyce 1914: 42). Sa dá chás, téann an friotal lom i bhfeidhm ar an léitheoir níos mó ná mar a dhéanfadh sraith fhada aidiachtaí nó carn mór meafar.
Gné thábhachtach eile den sliocht thuas ná an tagairt do phlúchtacht an choimeádáin. Feictear dom go bhfeidhmíonn an focal ‘plúchtach’ anseo ar dhá leibhéal. I dtosach, tugann sé eolas dúinn faoin aer leamh atá sa gcoimeádán, rud a chuireann lenár dtuiscint ar dhroch-chúinsí maireachtála an reacaire. Ar aon dul leis na focla a bhaineann leis an dorchadas, áfach, measaim go dtugann an focal ‘plúchtach’ nod dúinn faoi mheon an reacaire freisin. Is focal an-oiriúnach é ‘plúchtach’ le cur síos ar thionchar na drochíde ar a saol i gcoitinne, agus tá sé suimiúil mar sin go bhfuil sé ar cheann de na focla a luann sí ina cuntas ar an gcoimeádán. Ní mór dúinn idirdhealú a dhéanamh anseo idir an méid atá á rá ag an reacaire agus an méid atá á chur in iúl ag an údar tríd an reacaire. Cé go mb’fhéidir nach bhfuil an reacaire féin ach ag cur síos ar aer leamh an choimeádáin nuair a úsáideann sí an focal ‘plúchtach’, tá Wren ag tabhairt éachtaint eile dúinn sa bhfocal seo ar an míshuaimhneas millteanach atá uirthi – ar an gcaoi a bhfuil an drochíde tar éis í a phlúchadh.
Pléitear an t-atmaisféar plúchtach a chruthaíonn mí-úsáideoirí i saol a gcuid íospartach ar shuíomh idirlín na heagraíochta Safe Ireland, a thacaíonn le mná agus le páistí atá ag fulaingt de dheasca drochíde sa teaghlach:
Domestic abuse and coercive control are all about making a woman’s world smaller – trapping her, restricting her independence and freedom.
A controlling partner may shut out her friends and family, control her movements, micro-manage what she eats or wears, restrict her access to money – all the time chipping away at her confidence and destroying her self-respect (Safe Ireland 2023).
Is iondúil go dtugtar ‘coercive control’, nó ‘smacht comhéigneach’, ar an ngné seo den drochíde sa teaghlach, faoi mar a fheictear sa sliocht thuas. Mar a mhíníonn Evan Stark, is é atá sa smacht comhéigneach cineál drochíde ina gcuireann an mí-úsáideoir srianta diana le gnéithe éagsúla de shaol an íospartaigh, agus ina gcoisceann an mí-úsáideoir ar an íospartach tacaíocht a lorg: ‘Like hostages, victims of coercive control are frequently deprived of money, food, access to communication or transportation, and other survival resources even as they are cut off from family, friends, and other supports’ (Stark 2007: 5). Áitíonn Stark go bhfuil dlúthbhaint ag an bhfeiniméan seo le cúrsaí inscne, sa méid is gur fir iad formhór mór na ndaoine a úsáideann smacht comhéigneach agus gur mná iad formhór mór na n-íospartach; is straitéis é ‘deployed almost exclusively by men to dominate individual women’ (Stark 2007: 5).
In ‘An doras cúng’, ní fhaightear sonraí beachta faoin saghas drochíde a d’fhulaing reacaire an scéil. Tugtar noda dúinn, áfach, gur úsáideadh smacht comhéigneach ina coinne, óir is léir nach bhfuil rochtain aici ar fhoinse airgid ar bith, agus go bhfuil a gréasán sóisialta scriosta nach mór go hiomlán. I dteannta na ngnéithe seo den scéal, tugann an coimeádán léargas breise dúinn ar an smacht comhéigneach ar bhealach eile ar fad. Feidhmíonn an coimeádán mar léiriú siombalach ar an ngné seo den drochíde sa teaghlach: meabhraíonn cúinge agus plúchtacht an spáis dúinn go bhfuil toisí shaol an reacaire caolaithe go mór.
Níl an teach bánaithe a luaitear sa scéal chomh doicheallach leis an gcoimeádán, ach tá dealramh áirithe aige leis sa méid is gur áit dhorcha fhuar é nach mbíonn an reacaire ar a compord ann: ‘Ní bhíonn deifre ar bith orm go dtí an teach sin. Níl aonduine ag fanacht liom. Níl tine ná teas ann … níl ná solas. Níl ann ach ballaí loma agus seomraí folmha’ (12). Amhail an cuntas ar an gcoimeádán, is deacair na habairtí seo a léamh gan smaoineamh ar ghnéithe eile de thaithí an reacaire. Tuigeann muid nach iad na seomraí amháin atá lom folamh, agus go bhfuil folús i saol agus i gcroí na mná seo atá níos uaigní agus níos goilliúnaí fós. Tá tábhacht shiombalach ag baint leis an bhfuacht chomh maith. Mar a mhíníonn Lillis Ó Laoire, baineann brí mheafarach leis na focla ‘teas’ agus ‘fuacht’ sa nGaeilge (agus i mórán teangacha eile): ‘concepts of teas, “heat,” and fuacht, “cold,” have a long history in the Irish language and […] they form a complex of ontological metaphors, or metaphors of existence, which shapes the worldview of Irish speakers’ (Ó Laoire 2005: 165). Is minic a shamhlaítear an teas leis an gcaidreamh daonna, rud ar a dtugann Ó Laoire ‘the “heat” of human relationships’ (Ó Laoire 2005: 255). Ar an lámh eile, is leis an uaigneas a shamhlaítear an fuacht (Ó Laoire 2005: 172). In ‘An doras cúng’, tugann fuacht litriúil na n-áitreabh le fios dúinn go bhfuil an fuacht meafarach seo ag cur as don reacaire chomh maith, agus go bhfuil uaigneas uirthi toisc go bhfuil sí scoite amach ó dhaoine eile. Feiceann muid arís go gcuireann siombalachas an scéil leis an léiriú a dhéantar ar thionchar na drochíde ar an reacaire.
Prionsabal an chnoic oighir
Tá an méid seo a leanas le rá ag Ernest Hemingway faoi cheird na prós-scríbhneoireachta ina leabhar Death in the Afternoon:
If a writer of prose knows enough about what he is writing about he may omit things that he knows and the reader, if the writer is writing truly enough, will have a feeling of those things as strongly as though the writer had stated them. The dignity of movement of an iceberg is due to only one-eighth of it being above water (Hemingway 1955 [1932]: 183).
Tugann Hemingway le fios gur féidir le scríbhneoirí cumasacha rudaí a chur in iúl dá gcuid léitheoirí gan focla a chur orthu, agus bhain sé leas as an straitéis seo go minic ina shaothar féin. Is eiseamláir é ‘An doras cúng’ den straitéis chéanna, óir fágann Wren roinnt mhaith sonraí a bhaineann le plota an scéil ar lár. Mar atá feicthe againn, cé gurb í an drochíde sa teaghlach príomhthéama an scéil, ní thugtar ach fíorbheagán eolais dúinn faoin drochíde a d’fhulaing an reacaire. Is fiú dúinn machnamh a dhéanamh ar an leas a bhaineann Wren as an gcur chuige seo. Cén fáth a ndéanann sí léiriú indíreach ar an drochíde sa teaghlach in ‘An doras cúng’, in ionad cur síos neamhbhalbh a dhéanamh air? Feictear dom go bhfuil trí phríomhfheidhm leis an léiriú indíreach seo.
Ar an gcéad dul síos, léiríonn an easpa sonraí a thugtar dúinn sa scéal go bhfuil an reacaire ag iarraidh a cuid cuimhní trámacha ar an drochíde a bhrú faoi chois oiread agus is féidir. Mar a tugadh faoi deara cheana, deir an reacaire gur nós léi na réaltaí a chomhaireamh istoíche d’fhonn ‘dearmad a dhéanamh’ ar a bhfuil fulaingthe aici (12). Tá cinneadh comhfhiosach déanta aici gan na heispéiris phianmhara sin a chíoradh arís, agus múnlaíonn sin an chaoi a n-insíonn sí a scéal. Tá an láimhseáil a dhéanann Wren ar an toise seo den scéal an-éifeachtach. Nuair a fheiceann muid nach bhfuil ar chumas an reacaire aghaidh a thabhairt ar an tráma a d’fhulaing sí, tuigeann muid gur pian as cuimse atá i gceist, a bhfuil rian láidir fágtha aici ar a saol. Dá bhrí sin, éiríonn leis an údar uafás na drochíde a chur abhaile orainn ar bhealach caolchúiseach beagfhoclach.
An dara feidhm atá leis an léiriú indíreach ar an drochíde sa teaghlach ná go meabhraíonn sé dúinn go dtarlaíonn an saghas seo drochíde ar chúla téarmaí de ghnáth. Mar a mhíníonn Boethius agus Åkerström, tuigtear gur ‘coir cheilte’ í an drochíde sa teaghlach ar chúpla cúis: ‘[A] large proportion of abuse is not visible in official statistics; thus, violence in close relationships is often referred to as a “hidden crime”. Violence in close relationships may also be hidden to relatives, friends and colleagues’ (Boethius agus Åkerström 2020: 187). In ‘An doras cúng’, tarlaíonn an drochíde a fhulaingíonn an reacaire ní hamháin as radharc an phobail, ach as radharc an léitheora chomh maith, rud a leagann béim ar rúndacht na coire seo.
Tá feidhm thábhachtach eile le léiriú indíreach Wren ar an drochíde sa teaghlach: tugann sé ar an léitheoir machnamh níos doimhne a dhéanamh ar nádúr na drochíde agus ar an saghas duine a d’fhéadfadh a leithéid de mhíghníomhartha a chur i gcrích. Ní chuirtear síos ar an bhfear a bhfuil an reacaire ar a teitheadh uaidh, ná ar a ndearna sé uirthi, agus fágann seo gur gá dúinne ár samhlaíocht a úsáid chun na bearnaí sin san insint a líonadh. Tá an ghné seo den reacaireacht inchurtha leis an gcur chuige a úsáideann stiúrthóirí scannán uafáis nuair a shocraíonn siad gan an t-arracht atá ag cur sceimhle ar a gcuid carachtar a thaispeáint ar an scáileán. Seo mar a dhéanann Kayla Cobb achoimre ar an teicníc scannánaíochta sin:
It’s an unspoken rule of horror: don’t show the monster. Some of the creepiest, most chilling, and most disturbing scary movies of all time have used this rule, choosing not to show the terror that lurks in the dark but instead let viewers’ imaginations fill in the spooky gaps (Cobb 2020).
Ní thugann Wren spléachadh ar bith dúinn ar arracht ‘An doras cúng’ le linn an scéil: ní fheiceann muid ach tionchar millteach a chuid ainghníomhartha ar shaol agus ar shícé an reacaire. Déanann an bhearna seo an léiriú ar an gcarachtar dofheicthe seo a threisiú, áfach, in ionad baint de. Go paradacsúil, is trí bhíthin gan cur síos air a éiríonn le Wren pictiúr uafar scanrúil a chruthú den fhear a thug drochíde don reacaire.
Conclúid
Gearrscéal den scoth é ‘An doras cúng’ le Máire Dinny Wren. Cé gur foilsíodh saothair Ghaeilge eile roimhe agus ina dhiaidh a bhfuil an drochíde sa teaghlach mar théama lárnach iontu, is beag má tá aon cheann de na saothair sin chomh cumhachtach agus chomh snasta le scéal Wren.
Tarraingíonn Wren portráid choscrach dúinn in ‘An doras cúng’ de bhean a bhfuil a saol curtha trí chéile ag an drochíde atá fulaingthe aici. Déanann sí cur síos paiteanta ar éifeachtaí an tráma ar shícé na mná seo, chomh maith leis na deacrachtaí praiticiúla a bhíonn le sárú aici. Tugann sí cuntas réalaíoch ar thaithí an reacaire ar an gcóras dlí choiriúil, agus ar an easpa tacaíochta fiúntaí a chuirtear ar fáil di. Faigheann muid léargas grinn sna gnéithe seo den scéal ar na dúshláin iomadúla a bhíonn roimh íospartaigh drochíde sa teaghlach. Tá an meafar agus an siombalachas i measc na gciútaí liteartha a úsáideann Wren chun treisiú lena léiriú ar chás an reacaire. Is é mórbhua an scéil, áfach, an chaoi a bhfágann an t-údar sonraí áirithe ar lár, d’fhonn béim a leagan ar ghnéithe eile de chuntas an reacaire agus d’fhonn is go rachaidh a léiriú ar an drochíde sa teaghlach i bhfeidhm ar an léitheoir ar bhealach ar leith.
Ag deireadh ‘An doras cúng’, labhraíonn reacaire an scéil faoin dúil atá aici siúl ‘faoi sholas buí na gréine arís’ (16). Cé go bhfuil tamall fada caite aici faoi scáth an dorchadais, tuigeann sí tábhacht an tsolais. In ainneoin gach a bhfuil fulaingthe aici, tá sí dóchasach faoin todhchaí. Tá pobal léitheoireachta na Gaeilge faoi chomaoin ag Máire Dinny Wren as solas a chaitheamh ar uafás na drochíde sa teaghlach, agus as scéal a scríobh a thabharfas beagán dóchais, b’fhéidir, dóibh siúd atá fós ag maireachtáil sna scáilí.
SAOTHAIR A CEADAÍODH
An Roinn Oideachais (1991) An Foclóir Beag. Baile Átha Cliath: An Gúm.
Boethius, S. agus Åkerström, M. (2020) ‘Revealing hidden realities: disclosing domestic abuse to informal others’. In: Nordic Journal of Criminology 21.2: 186–202.
Cobb, K. (2020) ‘“Lights Out” Tests One of Horror’s Golden Rules’. In: Decider, 28 Deireadh Fómhair 2020. Ar fáil ag: https://decider.com/2020/10/28/lights-out-dont-show-monsters/ [faighte 14 Samhain 2023].
Collins English Dictionary (2023) ‘domestic abuse’. Ar fáil ag: https://www.collinsdictionary.com/dictionary/english/domestic-abuse [faighte 9 Samhain 2023].
Fisher, J. (2011) ‘Sensorimotor Approaches to Trauma Treatment’. Ar fáil ag: https://janinafisher.com/wp-content/uploads/2023/03/trauma.pdf [faighte 14 Samhain 2023].
foclóir.ie (2023) ‘domestic violence’. Ar fáil ag: https://www.focloir.ie/ga/dictionary/ei/domestic+violence [faighte 9 Samhain 2023].
Francis, L., Loxton, D. agus James, C. (2016) ‘The culture of pretence: a hidden barrier to recognising, disclosing and ending domestic violence’. In: Journal of Clinical Nursing 26.15–16: 2202–2214.
Hemingway, E. (1955) [1932] Death in the Afternoon. New York: Scribner’s.
Herring, J. (2020) Domestic Abuse and Human Rights. Cambridge: Intersentia.
Joyce, J. (1914) Dubliners. Edinburgh: Grant Richards Ltd.
Mac Risteaird, S. (2020) ‘“Níl ionamsa ach blaosc”: Léirithe liteartha ar an bhforéigean inscneach agus ar an mí-úsáid chollaíoch sa Ghaeilge’. In: Irisleabhar Mhá Nuad 2020: 71–88.
Ní Chléirchín, C. (2017) ‘An Tráma agus Guth na Colainne i bhfilíocht Áine Ní Ghlinn agus i bhfilíocht Nuala Ní Dhomhnaill’. In: Uíbh Eachach, O. agus Mac an tSionnaigh, S. (eag.) Meanmanra II: An tSíceolaíocht agus an Fhealsúnacht. Baile Átha Cliath: Coiscéim: 1–16.
Nic Pháidín, M. (2016) An tIriseoir. Baile Átha Cliath: Cois Life.
Ó Laoire, L. (2005) On a Rock in the Middle of the Ocean: Songs and Singers in Tory Island, Ireland. Lanham: Scarecrow Press.
Plimpton, G. (eag.) (1963) Writers at Work: The Paris Review Interviews, Second Series. New York: Viking Press.
Robertson, N. agus Masters-Awatere, B. (2017) ‘Out of the pan into the fire: Precariousness among women and children escaping domestic violence’. In: Groot, S., van Ommen, C., Masters-Awatere, B. agus Tassell-Matamua, N. (eag.) Precarity: Uncertain, Insecure and Unequal Lives in Aotearoa New Zealand. Auckland: Massey University Press: 85–94.
Safe Ireland (2023) ‘What is Intimate Partner Violence/Abuse?’. Ar fáil ag: https://www.safeireland.ie/get-help/understanding-domestic-abuse/what-is-domestic-violence/ [faighte 14 Samhain 2023].
Spruin, E., Baker, R., Papadaki, I., Franz, A. agus Alleyne, E. (2017) ‘Exploring the belief systems of domestic abuse victims: an exploratory study’. In: Journal of Criminological Research, Policy and Practice 3.1: 17–26.
Stark, E. (2007) Coercive Control: The Entrapment of Women in Personal Life. New York: Oxford University Press.
téarma.ie (2023a) ‘domestic abuse’. Ar fáil ag: https://www.tearma.ie/q/domestic%20abuse/ [faighte 9 Samhain 2023].
téarma.ie (2023b) ‘domestic violence’. Ar fáil ag: https://www.tearma.ie/q/domestic%20violence/ [faighte 9 Samhain 2023].
Uí Fhoghlú, Á. (2013) Éalú. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht.
van der Kolk, B. (2000) ‘Posttraumatic stress disorder and the nature of trauma’. In: Dialogues in Clinical Neuroscience 2.1: 7–22.
Wren, M. D. (2016) Go mbeinnse choíche saor. Leitir Ceanainn: Éabhlóid.